An Féidir Leis an Diabhal Daoine a Rialú?
Freagraíonn an Bíobla
Bíonn tionchar chomh mór ag an Diabhal agus ag na deamhain ar an gcine daonna go ndeir an Bíobla: “go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.” (1 Eoin 5:19) Cuireann an Bíobla na bealaí a gcuireann an Diabhal an dallamullóg ar dhaoine ar a súile dúinn.
Dallamullóg. Spreagann an Bíobla Críostaithe le “seasamh in aghaidh chealga an diabhail.” (Eifisigh 6:11) Ceann de na cleasa atá aige ná daoine a mhealladh ionas go gcreidfidh siad gur searbhóntaí de chuid Dé iad an dream a bhíonn ag gníomhú dó.—2 Corantaigh 11:13-15.
Spioradachas. Úsáideann an Diabhal fir nó mná feasa, agus iad siúd a chleachtann fáistineacht nó astralaíocht chun daoine a chur amú. (Deotranaimí 18:10-12) Cuireann úsáid drugaí, hiopnóiseachas, agus teicnící machnaimh a fholmhaíonn an intinn, duine faoi smacht na ndeamhan freisin.—Lúcás 11:24-26.
Reiligiún bréagach. Cuireann reiligiúin a mhúineann teagasca bréagacha daoine amú. (1 Corantaigh 10:20) Tugann an Bíobla “an teagasc a thagann ó na deamhain” ar na teagasca bréagacha sin.—1 Tiomóid 4:1.
Seilbh na nDeamhan. Déanann an Bíobla cur síos ar ainspridí, ag glacadh seilbh ar dhaoine. Is minic a fágadh daoine a raibh seilbh ag na deamhain orthu dall nó balbh nó ghortaigh siad iad féin.—Matha 12:22; Marcas 5:2-5.
An bealach le tionchar an Diabhail a sheachaint
Ní gá duit a bheith imníoch faoi smacht na ndeamhan, mar léiríonn an Bíobla an bealach ar féidir diúltú don Diabhal agus cuir ina choinne:
Foghlaim leis na straitéisí a úsáideann an Diabhal a aithint ionas gurb ‘eol duit a chleasa.’—2 Corantaigh 2:11.
Ar dtús, déan staidéar ar an mBíobla, agus ansin cuir an méid a fhoghlaimíonn tú i bhfeidhm i do shaol. Cosnóidh prionsabail an Bhíobla thú ó thionchar an Diabhail.—Eifisigh 6:11-18.
Faigh réidh le haon rud a bhaineann le hobair na ndeamhan. (Gníomhartha 19:19) Bíodh sé ina cheol, leabhair, irisí, póstaeir, físeáin, nó rud ar bith a spreagann spioradachas.