An Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Liom má tá mé in Ísle Brí?
Freagraíonn an Bíobla
Is féidir, tá an chabhair is fearr le fáil ó Iehova “Dia an tsóláis uile. Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn.”—2 Corantaigh 1:3, 4.
An chabhair a thugann Dia do na daoine atá in ísle brí
Neart. Neartaíonn “Dia an tsóláis uile” thú ní trí do chuid fadhbanna go léir a réiteach, ach trí do chuid paidreacha a fhreagairt ionas go mbeidh tú in ann déileáil leo. (Filipigh 4:13) Is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil sé réidh le n-éisteacht leat, mar deir an Bíobla: “Bíonn an Tiarna [Iehova] i ngar don lucht coscartha [nó an dream atá in ísle brí] agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.” (Salm 34:19 [34:18 i mBíoblaí eile]) Is féidir le Dia d’achainí a chloisteáil fiú mura bhfuil sé ar do chumas an chaoi a mothaíonn tú a chur in iúl.—Rómhánaigh 8:26, 27.
Samplaí maithe. Ghuigh scríbhneoir Bíobla chuig Dé: “As na duibheagáin a ghlaoim ort.” Dhéileáil an salmaire lena chuid tinnis trí mheabhrú do fhéin nach mbíonn Dia á gciaptha leis an gciontacht. Ina áit sin, dúirt sé faoi Dhia: “Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán? Ach is leat na peacaí a mhaitheamh; ionas go riarfaí go humhal duit.”—Salm 130:1, 3, 4.
Dóchas. Chomh maith le compord a chur ar fáil anois, tá sé geallta ag Dia go gcuirfidh sé deireadh leis na fadhbanna go léir is cúis le hísle brí. Nuair a chomhlíonfaidh sé an gealltanas sin, “ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla [ísle brí san áireamh], ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.”—Íseáia 65:17.
Nóta: Agus aitheantas á thabhairt acu don chabhair a chuireann Dia ar fáil, chomh maith leis sin lorgaíonn Finnéithe Iehova cóir leighis le haghaidh tinnis cosúil le hísle brí. (Marcas 2:17) Ach ní thacaíonn muid le haon chóir leighis ar leith; tá muid den tuairim gur chóir do gach duine a chinntí féin a dhéanamh ar ábhair den sórt sin.