An gCónaíonn Dia in Áit ar Leith?
Freagraíonn an Bíobla
Cónaíonn. Tá Dia ina chónaí sna flaithis. Tabhair suntas do na sleachta seo leanas ón mBíobla:
Dúirt Rí Solamh i bpaidir: “Tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d’áitreabh.”—1 Ríthe 8:43.
Mhúin Íosa Críost dá dheisceabail le guí chuig a “nAthair . . . ar neamh.”—Matha 6:9.
Tar éis a aiséirí, chuaigh Íosa isteach “sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.”—Eabhraigh 9:24.
Tugann na sleachta sin le fios dúinn gur fíor phearsa é Iehova Dia agus go gcónaíonn sé ar neamh agus ní in aon áit eile.