CEACHT 18
Cén Chaoi a gCabhraíonn Muid Lenár mBráithre In Am An Ghátair?
Nuair a tharlaíonn tubaiste déanann Finnéithe Iehova socruithe láithreach chun teacht i gcabhair ar a mbráithre atá i gcruachás. Léiríonn na hiarrachtaí seo an grá atá againn dá chéile. (Eoin 13:34, 35; 1 Eoin 3:17, 18) Cén chaoi a gcabhraíonn muid?
Tugann muid síntiúis airgid. Nuair a tharla gorta mór in Iúdáia sa gcéad aois, chuir na Críostaithe a bhí in Aintíoch airgead chuig a mbráithre chun cabhrú leo. (Gníomhartha 11:27-30) Ar an gcaoi chéanna, nuair atá ár mbráithre ag fulaingt cruatain in áit éigean ar domhan, cuireann muid síntiúis ar fáil trínár bpobal áitiúil chun na hábhair atá ag teastáil a sholáthair dóibh.—2 Corantaigh 8:13-15.
Tugann muid cabhair phraiticiúil. Téann na seanóirí atá ag láthair na tubaiste, ar thóir gach ball den phobal chun a chinntiú go bhfuil siad ar fad slán. Eagrófar coiste fóirithinte, más gá, chun bia, uisce glan, éadaí, foscadh agus cóir leighis a chur ar fáil. Téann go leor d’Fhinnéithe Iehova a bhfuil na scileanna cuí acu go dtí láthair na tubaiste ar a gcostas féin, agus tógann siad páirt san obair fóirithinte ag cur caoi ar thithe agus ar Ríocht-hallaí. Tá muid in ann gníomhú go tapa in am an ghátair de bhrí go bhfuil muid aontaithe mar eagraíocht agus go bhfuil taithí mhaith againn ar a bheith ag obair le chéile. Cé go dtugann muid lámh chúnta do “líon tí an chreidimh” téann muid i gcabhair ar dhaoine eile freisin nuair is féidir, is cuma cén creideamh atá acu.— Galataigh 6:10.
Cuireann muid sólás ón mBíobla ar fáil. Bíonn sólás ag teastáil, chomh maith, uatha siúd a ngoilleann tubaiste orthu. Is é “Dia an tsóláis uile” ár neart, nuair a bhíonn muid i gcruachás. (2 Corantaigh 1:3, 4) Bíonn áthas orainn gealltanais an Bhíobla a roinnt leo siúd atá éadóchasach, ag meabhrú dóibh go gcuirfidh Ríocht Dé deireadh le tubaistí go luath.—Apacailipsis 21:4.
-
Cén fáth a bhfuil na Finnéithe in ann gníomhú go tapa nuair a tharlaíonn tubaiste?
-
Cén sólás scrioptúrtha atá muid in ann a thabhairt dóibh siúd a thagann slán ó thubaiste?