CEACHT 56
Cothaigh Aontacht sa bPobal Críostaí
Nuair a bhíonn muid i measc ár gcomhadhraitheoirí, mothaíonn muid ar nós Rí Dáiví a deir: “Féach! nach maith agus nach aoibhinn é, bráithre a bheith ar aontíos agus ar aon intinn le chéile.” (Salm 133:1; NWT) Ní tharlaíonn aontacht go huathoibríoch. Tá ról ag gach duine againn ann.
1. Céard atá suntasach faoi shearbhóntaí Dé?
Má théann tú chuig an Ríocht-halla i dtír eile, b’fhéidir nach dtuigeann tú an teanga áitiúil, ach mar sin féin, mothóidh tú sa mbaile ann. Cén fáth? Mar úsáidtear na foilseacháin céanna i ngach tír chun staidéar a dhéanamh ar an mBíobla. Agus déanann muid ár ndícheall grá a léiriú dá chéile. Is cuma cén áit a gcónaíonn muid, is mian linn glaoch “ar ainm an Tiarna [Iehova]” agus a bheith aontaithe inár n-adhradh.—Zafainiá 3:9.
2. Céard is féidir leat a dhéanamh chun aontacht a chothú?
“Tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.” (1 Peadar 1:22) Cén chaoi ar féidir leat an chomhairle seo a chur i bhfeidhm? In áit a bheith ag díriú ar na lochtanna atá ar dhuine, bí ag díriú ar a dhea-thréithe. In ionad a bheith ag coinneáil comhluadair le daoine atá cosúil leat féin i gcónaí, déan iarracht aithne a chur ar bhráithre atá ó chúlraí agus ó chiníocha difriúla. Is féidir linn oibriú go crua freisin chun fáil réidh le haon chlaontacht atá ionainn.—Léigh 1 Peadar 2:17. a
3. Céard a dhéanfaidh tú má bhíonn easaontas idir tú féin agus comhChríostaí?
Tá muid aontaithe, ach tá muid neamhfhoirfe freisin. Uaireanta cuireann muid as dá chéile nó gortaíonn muid a chéile. Deir Briathar Dé linn: “Maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.” (Léigh Colosaigh 3:13.) Ghortaigh muid Iehova go mion minic, agus fós tugann sé maithiúnas dúinn. Mar sin, tá sé ag súil go dtabharfaidh muidne maithiúnas dár mbráithre. Má cheapann tú gur ghortaigh tú duine éigin, tapaigh do dheis le rudaí a chur i gceart.—Léigh Matha 5:23, 24. b
DÉAN TAIGHDE
Smaoinigh ar bhealaí ar féidir leat cur le síocháin agus aontacht an phobail Chríostaí.
4. Téigh i ngleic le claontacht
Tá muid ag iarraidh grá a léiriú dár mbráithre go léir. Ach b’fhéidir go mbeadh sé deacair againn glacadh le duine atá difriúil uainn. Céard a chabhródh linn? Léigh Gníomhartha 10:34, 35, ansin plé na ceisteanna seo:
-
Glacann Iehova le chuile chineál duine le bheith mar Fhinnéithe aige. Cén tionchar ar chóir a bheith aige seo ar an dearcadh atá agat ar dhaoine ó chúlraí difriúla?
-
Cé na claontachtaí atá coitianta i do cheantar ar mhaith leat a sheachaint?
Léigh 2 Corantaigh 6:11-13, ansin plé an cheist seo:
-
Cén chaoi a bhféadfá aithne níos fearr a chur ar do dheartháireacha agus do dheirfiúracha a thagann ó chúlraí difriúla?
5. Tabhair maithiúnas ó chroí agus cothaigh síocháin
Tugann Iehova maithiúnas ó chroí dúinn cé nach mbeidh sé ag iarraidh maithiúnas orainn go deo. Léigh Salm 86:5, ansin plé na ceisteanna seo:
-
Cé chomh flaithiúil is atá Iehova lena mhaithiúnas?
-
Cén fáth a bhfuil tú buíoch as a mhaithiúnas?
-
Céard a dhéanfaidh deacair é fáil ar aghaidh le daoine eile?
Cén chaoi ar féidir linn aithris a dhéanamh ar Iehova agus aontacht a chothú i measc ár mbráithre? Léigh Seanfhocail 19:11, ansin plé an cheist seo:
-
Céard is féidir leat a dhéanamh le rudaí a chur ina gceart nuair a chuireann duine éigin as duit?
Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.
Cuireann muid as do dhaoine eile scaití. Nuair a tharlaíonn sé sin, céard ar cheart dúinn a dhéanamh?-
Céard a rinne an deirfiúr sa bhfíseán chun an tsíocháin a chothú?
6. Tabhair suntas do dhea-thréithe do bhráithre
Nuair a chuireann muid aithne ar ár mbráithre, cuireann muid aithne ar a gcuid láidreachtaí agus a gcuid laigí. Cén chaoi ar féidir leat díriú ar a gcuid láidreachtaí? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.
-
Céard a chabhródh leat d’aird a dhíriú ar dhea-thréithe do bhráithre?
Díríonn Iehova a aird ar ár ndea-thréithe. Léigh 2 Croinicí 16:9a, ansin plé an cheist seo:
-
Cén chaoi a mothaíonn tú anois agus fios agat go ndíríonn Iehova ar do dhea-thréithe?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Sula dtabharfaidh mé maithiúnas do dhuine, caithfidh maithiúnas a bheith tuillte aige.”
-
Cén fáth ar chóir dúinn fonn a bheith orainn maithiúnas a thabhairt do dhaoine?
ACHOIMRE
Is féidir leat cur le haontacht an phobail Chríostaí trína bheith maiteach agus grá a léiriú do na bráithre.
Súil Siar
-
Cén chaoi ar féidir leat claontacht a shárú?
-
Céard a dhéanfaidh tú má bhíonn easaontas idir tú féin agus duine de na bráithre.
-
Cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh aithris a dhéanamh ar shampla Iehova maidir le maithiúnas a thabhairt do dhaoine eile?
FIOSRAIGH
Is féidir le ceann de pharabal Íosa cabhrú leat gan a bheith ag tabhairt breithiúnais ar dhaoine eile.
Ar choir dúinn maithiúnas a iarraidh má mhothaíonn muid nach ndearna muid aon rud mícheart?
“Apologizing—A Key to Making Peace” (The Watchtower, 1 Samhain, 2002)
éach mar a dʼfhoghlaim roinnt daoine le caitheamhle daoine eile ar bhealach neamhchlaonta.
Smaoinigh ar bhealaí ar féidir leat easaontas a sheachaint sula gcuirfidh sé as do shíocháin an phobail.
“Settle Differences in a Spirit of Love” (The Watchtower, Bealtaine 2016)