Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 26

Cén Fáth a Bhfuil Olc agus Fulaingt Ann?

Cén Fáth a Bhfuil Olc agus Fulaingt Ann?

Nuair a tharlaíonn tragóid níl sé ach nádúrtha go mbeadh duine ag ceistiú na cúise. Tugann an Bíobla freagraí sásúla ar an gceist sin.

1. Cén chaoi ar chuir Sátan tús leis an olc?

D’éirigh Sátan amach in aghaidh Dé. Bhí Sátan ag iarraidh a bheith i gceannas. Spreag sé Ádhamh agus Éabha chun taobhú leis san éirí amach sin trí bhréag a insint d’Éabha. (Geineasas 1:3-5) Thug sé le tuiscint di go raibh Iehova ag ceilt rudaí maithe uirthi agus go mbeidís níos fearr as dá mbeadh siad easumhal do Dhia. D’inis Sátan an chéad bhréag nuair a dúirt sé le hÉabha nach bhfaigheadh sí bás. Deir an Bíobla faoi Shátan “is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.”Eoin 8:44.

2. Céard a rinne Ádhamh agus Éabha?

Bhí Iehova an-fhlaithiúil le hÁdhamh agus Éabha. Dúirt Sé leo go raibh cead acu toradh a ithe de gach crann i ngairdín Éidin, ach de chrann amháin. (Geineasas 2:15-17) Ach chinn siad ithe den chrann sin. “Thóg sí [Éabha] más ea, cuid dá thoradh agus d’ith é.“ Ansin thug sí cuid d’Ádhamh, “agus d’ith sé é.” (Geineasas 3:6) Bhí siad easumhal do Dhia. De bhrí go raibh siad foirfe bhí sé éasca acu an ceart a dhéanamh. Pheacaigh siad nuair a bhí siad easumhal do Dhia in aon turas. D’fhulaing siad de bharr an chinneadh sin.—Geineasas 3:16-19.

3. Céard a bhí de bharr pheaca Ádhamh agus Éabha?

Chaill Ádhamh agus Éabha an fhoirfeacht de bharr a n-easumhlaíochta. Tá gach duine a rugadh ó shin neamhfhoirfe. Ag tagairt d’Ádhamh, deir an Bíobla: “Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile.”Rómhánaigh 5:12.

Tá cúiseanna éagsúla lenár bhfulaingt. Uaireanta bíonn muid ag fulaingt mar gheall ar ár ndroch-chinntí féin, nó ar dhroch-chinntí dhaoine eile, nó bíonn muid san áit chontráilte ag an am contráilte.—Léigh Cóheilit 9:11.

DÉAN TAIGHDE

Smaoinigh ar an gcúis nach é Dia foinse an oilc agus ar an gcaoi a mothaíonn sé faoinár bhfulaingt.

4. An té is cúis leis an fhulaingt

Ceapann go leor daoine gurbh é Dia atá i gceannas an domhain. An bhfuil sé seo fíor? Seinn an FÍSEÁN.

Léigh Séamas 1:13 agus 1 Eoin 5:19, ansin plé an cheist a leanann:

  • An é Dia is cúis leis an olc agus an fhulaingt?

5. Smaoinigh ar thoradh riail Shátain

Léigh Geineasas 3:1-6, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cén bhréag a d’inis Sátan?—Féach véarsaí 4 agus 5.

  • Cén chaoi ar thug Sátan le tuiscint go raibh Iehova ag ceilt rud éigin maith ar dhaoine?

  • Dár le Sátan an bhfuil sonas an chine dhaonna ag brath ar Iehova a bheith acu mar rialtóir?

Léigh Cóheilit 8:9, agus ansin plé an cheist a leanann:

  • Cén riocht a bhfuil an domhan ann de bharr riail Shátain?

  1. Bhí Ádhamh agus Éabha foirfe agus ina gcónaí i bParthas. Ach d’éist siad le Sátan agus d’éirigh siad amach in aghaidh Iehova

  2. Tar éis an éirí amach, bhí an domhan go léir faoi chuing an pheaca, an fhulaingt agus an bháis

  3. Cuirfidh Iehova deireadh leis an bpeaca, an fhulaingt agus an bás. Beidh daoine foirfe agus mairfidh siad i bParthas arís

6. Tá suim ag Iehova inár bhfulaingt

An bhfuil Dia ar nós chuma liom faoinár bhfulaingt? Déan machnamh ar an méid a dúirt Rí Dáiví agus an t-aspal Peadar. Léigh Salm 31:8 (31:7 i mBíoblaí eile) agus 1 Peadar 5:7, ansin plé an cheist a leanann:

  • Cén chaoi a mothaíonn tú agus fios agat go dtuigeann Iehova ár bhfulaingt?

7. Cuirfidh Dia deireadh leis an bhfulaingt

Léigh Íseáia 65:17 agus Apacailipsis 21:3, 4, ansin plé an cheist a leanann:

  • Cén fáth gur ábhar solais é fios a bheith againn go gcuirfidh Iehova deireadh leis na drochrudaí agus an tionchar a bhíonn acu ar dhaoine?

An raibh a fhios agat?

Rinne Sátan clúmhilleadh ar Iehova nuair a d’inis sé an chéad bhréag ag tabhairt le tuiscint nach Rialóir cóir grámhar é Iehova. Nuair a chuirfidh Iehova deireadh le fulaingt an chine dhaonna, glanfaidh sé a ainm. Cruthóidh Sé gurb é a rialtas féin is fearr. Is é naomhú ainm Iehova an rud is tábhachtaí sa chruinne inniu.—Matha 6:9, 10.

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Is é toil Dé é go mbeadh muid ag fulaingt.”

  • Céard a déarfá?

ACHOIMRE

Is é Sátan agus an chéad lánúin atá freagrach as an olc atá ar an domhan inniu. Tá suim ag Iehova inár bhfulaingt agus cuirfidh sé deireadh léi go luath.

Súil Siar

  • Cén bhréag a d’inis Sátan d’Éabha?

  • Cén tionchar atá ag éirí amach Ádhamh agus Éabha orainn inniu?

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil suim ag Iehova inár bhfulaingt?

Sprioc

FIOSRAIGH

Céard a deir an Bíobla faoin bpeaca?

“Céard atá i gCeist le Peaca?” (Alt ar líne)

Foghlaim tuilleadh faoin gceist a d’ardaigh Sátan i ngairdín Éidin.

“Why Does God Allow Suffering?” (The Watchtower, 1 Eanáir, 2014)

Féach ar an méid a d’fhoghlaim fear amháin faoin bhfulaingt a chonaic sé.

I’m Not on My Own Anymore (5:09)