Ná bac leis seo

Go dtí an clár


An bealach is fearr le tairbhe a bhaint as an gcúrsa staidéir Bíobla seo

An bealach is fearr le tairbhe a bhaint as an gcúrsa staidéir Bíobla seo

Breathnaigh ar an achoimre seo ar dtús, ansin seinn an FÍSEÁN.

AN CHÉAD CUID

Chun ullmhú do gach ceacht, léigh an chéad chuid. Cuireann ceisteanna sa gcló trom (A) agus scrioptúir (B) béim ar na príomhphointí. Tabhair faoi deara go bhfuil roinnt de na scrioptúir marcáilte “léigh.”

AN CHUID LÁIR

Míníonn an ráiteas tosaigh (C) faoi Déan Taighde an méid a leanann é. Tugann na fo-cheannteidil (D) blaisín beag den ábhar atá faoi phlé. Léigh na scrioptúir le do mhúinteoir, freagair na ceisteanna agus féach ar na físeáin.

Treoraíonn boscaí FÍSEÁIN thú chuig ilmheáin a chuireann leis an téacs. Is beathaisnéisí cuid acu, ach is drámaí atá bunaithe ar fíor chásanna cuid eile acu.

Déan machnamh ar an saothar ealaíne agus na fotheidil (E), agus smaoinigh ar an bhfreagra a thabharfá ar: Deir Daoine Áirithe (F).

AN CHUID DEIREADH

Críochnaíonn Achoimre agus Súil Siar (G) an ceacht. Scríobh isteach an dáta a críochnaíodh an ceacht. Tugann Sprioc (H) rud éigin duit le bheith ag obair air. Tá breis ábhair ar fáil faoi Fiosraigh, (I) is féidir iad a léamh nó féachaint orthu.

An bealach le véarsaí an Bhíobla a aimsiú

Is bailiúchán de 66 leabhar beag í an Bíobla. Tá an Bíobla roinnte ina dhá chuid: na Scrioptúir Eabhraise-Aramaise (“Sean-Tiomna”) agus na Scrioptúir Gréigise Críostaí (“Tiomna Nua”).

Nuair a luaitear scrioptúr sa bhfoilseachán seo, tagraítear dó de réir ainm leabhair sa mBíobla (A), ansin luaitear an chaibidil (B), agus ina dhiaidh sin, an véarsa nó na véarsaí (C).

Mar shampla, tagraíonn Eoin 17:3 do leabhar Eoin, caibidil 17, véarsa 3.