AG DÉANAMH DEISCEABAIL
CEACHT 11
Simplíocht
Prionsabal: ‘Labhraígí go soiléir.’ —1 Cor. 14:9.
An Méid a Rinne Íosa
1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Matha 6:25-27. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:
Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
2. Nuair a bhíonn ár modh teagaisc simplí, beidh daoine ag cuimhniú ar an méid a mhúin muid dóibh agus bogfaidh a gcroí.
Déan Aithris ar Íosa
3. Ná déan an chaint ar fad. Seachas gach a bhfuil ar eolas agat faoi ábhar a lua, dírigh ar an ábhar atá sa bhfoilseachán staidéir. Tar éis duit ceist a chur, fan go foighneach le go bhfreagróidh do mhac léinn. Mura bhfuil an freagra ar eolas aige nó má chuireann sé dearcadh in iúl a thagann salach ar theagasc an Bhíobla, úsáid ceisteanna breise chun cuidiú leis an t-ábhar a thuiscint. Nuair a thuigeann do mhac léinn an príomhphointe, bog ar aghaidh.
4. Úsáid an t-eolas atá ag do mhac léinn cheana féin le cuidiú leis rudaí nua a thuiscint. Mar shampla, sula dtosaíonn tú ar cheacht faoin aiséirí, b’fhéidir go ndéanfá athbhreithniú gearr ar a bhfuil foghlamtha aige faoi riocht na mairbh.
5. Bí cúramach nuair atá tú ag úsáid parabal. Sula n-úsáideann tú parabal, fiafraigh duit féin: