Ceacht 10
An Féidir Leat an Fíorchreideamh a Aithint?
1. An bhfuil ann ach fíor-reiligiún amháin?
Mhúin Íosa reiligiún amháin dá lucht leanúna, an fíor-reiligiún. Is ionann é agus bóthar atá á dtreorú chun na beatha síoraí. Dúirt Íosa: “Is iad an beagán a aimsíonn” an bóthar sin. (Matha 7:14) Ní ghlacann Dia ach le hadhradh atá bunaithe ar a Bhriathar fírinneach. Tá na fíor-adhraitheoirí ar fad aontaithe i gcreideamh amháin.—Léigh Eoin 4:23, 24; 14:6; Eifisigh 4:4, 5.
Féach ar an bhfíseán An bhfuil ann ach fíor-reiligiún amháin?
2. Céard a dúirt Íosa faoi Chríostaithe bréige?
Thug Íosa foláireamh go ndéanfadh fáithe bréige truailliú ar an gCríostaíocht. Bíonn an chosúlacht ar fháithe bréige gur fíor-adhraitheoirí iad. Maíonn a gcuid eaglaisí gur Críostaithe iad. Ach is furasta a leithéid a aithint. Cén chaoi? Is as fíor-adhradh amháin a sholáthraítear fíorChríostaithe. Aithnítear iad le tréithe agus bealaí ar leith.—Léigh Matha 7:13-23.
3. Cén chaoi ar féidir leat fíor-adhraitheoirí a aithint?
Féach na cúig thréithe seo leanas:
-
Tá ómós ag fíor-adhraitheoirí do Bhriathar Dé, an Bíobla. Déanann siad a ndícheall maireachtáil de réir a phrionsabail. Mar sin ní mar a chéile fíor-reiligiún agus reiligiún atá bunaithe ar thuairimíocht dhaonna. (Matha 15:7-9) Déanann fíorChríostaithe beart de réir a mbriathar.—Léigh Eoin 17:17; 2 Tiomóid 3:16, 17.
-
ainm Dé, rud a léirigh go raibh ardmheas aige air. Chabhraigh sé le daoine aithne a chur ar Dhia agus mhúin sé dóibh le guí go ndéanfaí ainm Dé a naomhú. (Matha 6:9) Cén reiligiún a fhoilsíonn ainm Dé i do cheantarsa?—Léigh Eoin 17:26; Rómhánaigh 10:13, 14.
Tá ardmheas ag lucht leanúna Íosa ar ainm Dé, Iehova. Chuir Íosa daoine ar an eolas faoi -
Bíonn fíorChríostaithe ag craobhscaoileadh Ríocht Dé. Chuir Dia Íosa chun na talún le dea-scéala na Ríochta a chraobhscaoileadh. Níl aon dóchas i ndán don chine daonna ach Ríocht Dé. Lean Íosa ag labhairt faoi Ríocht Dé go dtí lá a bháis. (Lúcás 4:43; 8:1; 23:42, 43) Dúirt sé go mbeadh a lucht leanúna ag craobhscaoileadh ina leith. Má thagann duine chugat chun labhairt leat faoi Ríocht Dé, meas tú cén reiligiún a mbaineann sé leis?—Léigh Matha 24:14.
-
Níl aon pháirt ag lucht leanúna Íosa sa saol urchóideach seo. Is féidir iad a aithint mar ní ghlacann siad aon pháirt i gcúrsaí polaitíochta ná i gcoimhlintí sóisialta. (Eoin 17:16; 18:36) Chomh maith leis sin, ní dhéanann siad aithris ar chleachtais ná ar mheon díobhálach an tsaoil seo.—Léigh Séamas 4:4.
-
Tá grá an-mhór ag fíorChríostaithe dá chéile. Foghlaimíonn siad ó Bhriathar Dé le meas a bheith acu ar gach grúpa eitneach. Cé gur minic a thugann reiligiúin bhréagacha tacaíocht do chogaí na náisiún, diúltaíonn fíor-adhraitheoirí é sin a dhéanamh. (Míocá 4:1-3) Ina ionad sin, tugann fíorChríostaithe a gcuid ama agus a gcuid acmhainní go neamhleithleach ag spreagadh agus ag cabhrú le daoine eile.—Léigh Eoin 13:34, 35; 1 Eoin 4:20.
4. An féidir leat an fíor-reiligiún a aithint?
Céard é an reiligiún a bhunaíonn a gcuid teagaisc ar Bhriathar Dé, a bhfuil ardmheas acu ar ainm Dé, agus a fhógraíonn gurb í Ríocht Dé an t-aon dóchas atá ag an gcine daonna? Cén grúpa a chleachtann an grá agus a sheachnaíonn cogadh? Céard a cheapann tusa?—Léigh 1 Eoin 3:10-12.