Salm 78:1-72

Mascil Ásáf. 78  Éist, a phobal, le mo theagasc;claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.  Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidíagus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire.  Na nithe ba chlos dúinn agus ab eol dúinn féin,a d’inis ár n-aithreacha dúinn,  nach cóir iad a cheilt ar a sliochtach a insint don ghlúin atá le teacht –Móréachtaí an Tiarna agus a chumhachtagus na míorúiltí móra a rinne sé  nuair a d’eisigh sé reachtanna do Iacób,nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael.D’ordaigh sé mar aithne dár n-aithreachaan dlí seo a mhúineadh dá gclann  ionas go mb’eol don chéad ghlúin eile é,agus don dream nár saolaíodh fós,agus go n-inseoidís siúd dá gclann féin é  ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia,gan oibreacha Dé a dhearmadach a aitheanta a choimeád de shíor,  sula mbeidís mar a n-aithreacha rompuina nglúin easumhal ceanndána;glúin gan seasmhacht ina gcroínach raibh dílis do Dhia ina meanma.  Bhí clann Eafráim gléasta leis an mboghaach thugadar dá mboinn é lá an chatha. 10  Níor choinnigh siad a gconradh le Dianíorbh áil leo siúl de réir a dhlí. 11  Rinne siad dearmad ar a ndearna séagus ar na hiontais a nocht sé dóibh. 12  Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinseari dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan. 13  Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad;chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa. 14  Threoraigh sé le néal iad de láagus le tine i gcaitheamh na hoíche. 15  Scoilt sé na carraigeacha san fhásach,mhúch sé a dtart le flúirse uisce 16  nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraigis gur bhrúcht an t-uisce ina thuilte. 17  Ach lean siad leo ag peacú ina éadan;thug siad dúshlán an Té is Airde san fhásach; 18  chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí;d’iarr siad bia air d’fhonn a mianta a shásamh. 19  Labhraíodar in aghaidh Dé, á rá:“An dtig le Dia bord a ghléasadh san fhásach? 20  Is fíor nuair a bhuail sé an charraiggur bhrúcht an t-uisce ina thuilte;ach an féidir dó arán a thabhairt dúinnnó feoil a sholáthar dá phobal?” 21  Arna chlos sin don Tiarna ghabh fearg éagus fadaíodh tine in aghaidh Iacóib.Líon sé le fearg in aghaidh Iosrael 22  de bhrí nár chreid siad i nDiaagus nár chuir siad a ndóchas ina chúnamh. 23  D’aithin sé do néalta neimheagus d’oscail sé doirse na spéire; 24  d’fhear sé anuas orthu manna le hitheagus bhronn sé bia ó neamh orthu. 25  D’ith an duine arán na n-aingealóir thug sé flúirse bia dóibh. 26  Chuir sé an ghaoth anoir ó neamh chucuagus mhúscail an ghaoth aneas lena chumhacht. 27  D’fhear sé orthu feoil mar dheannachagus éanlaith mar ghaineamh na trá. 28  Lig sé anuas i lár a gcampa iadar gach taobh thart timpeall a mbothanna. 29  D’itheadar a sáith, dá bhrí sin,óir thug sé dóibh gach a raibh uathu. 30  Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibhagus an bia ina mbéal go fóill 31  nuair a d’éirigh fraoch Dé ina n-éadan,is gur leag sé ar lár a dtréanfhir,is gur threascair sé fíorscoth Iosrael. 32  Dá ainneoin sin uile pheacaigh siadagus níor chreid siad a éachtaí iontacha 33  gurb uime a scrios sé a laethantaagus a chuir deireadh lena ré go tobann. 34  Nuair a thugadh sé a n-ár bhídís á lorgag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht. 35  Chuimhnídís gurbh é Dia a gcarraig’s gurbh é an Dia is Airde a d’fhuascail iad. 36  Ní bhídís ach á bhladaráil lena mbéalagus ag insint bréag lena dteanga, 37  óir ní raibh siad dílis ó chroí dóná ní dhearna siad a chonradh a chomhlíonadh. 38  Mar sin féin, toisc é bheith trócaireachmhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh.Is minic a chuir sé srian lena fheargagus nár lig sé a racht amach orthu. 39  Ba cuimhin leis nach raibh iontu ach daoine;anáil a ghabhann seacha gan casadh. 40  Nach minic a bhí siad easumhal dó san fhásach,go ndearna siad a chrá san uaigneas. 41  Chuir siad cathú ar Dhia arís eileagus chiap Neach Naofa Iosrael. 42  Níor chuimhin leo feasta a ghníomharthaná an lá a shaor sé óna naimhde iad, 43  nuair a d’oibrigh sé a éachtaí, san Éigipt,a mhíorúiltí ar mhachaire Zoan; 44  nuair a rinne sé fuil dá n-aibhneachaionas nach bhféadfaidís an t-uisce a ól. 45  Chuir sé cuileoga chucu a d’alp iad,agus froganna ina scaotha á milleadh. 46  Thug sé a bhfómhar don chruimh,agus toradh a saothair don lócaiste. 47  Mhill sé a bhfíniúna le clocha sneachtaagus mhill a gcrainn bhána leis an sioc. 48  Bhuail sé a n-airnéis le clocha sneachtaagus a gcaoirigh le caora tine. 49  Lig sé amach orthu racht a fheirge,a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa;slua de thimirí na tubaiste, 50  go ndearna sé slí dá dhíbheirg.Níor scaoil sé saor ón mbás iadach rinne sé a mbualadh leis an bplá. 51  Bhuail sé gach céadghin san Éigipt;céadthoradh a nirt i gcampa Hám. 52  Sheol sé a phobal mar chaoirigh,rinne a dtreorú mar thréad san fhásach. 53  Sheol sé slan iad gan eaglagur bádh a naimhde san fharraige. 54  Sheol sé isteach ina thír naofa iadchun an tsléibhe a bhuaigh a dheaslámh féin. 55  Chaith sé na ciníocha rompu amach,agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu;thug sé ar threibheanna Iosraelbaint fúthu ina mbothanna siúd. 56  Dá ainneoin sin uile thriailagus shaighdigh siad an Dia is Airde,agus dhiúltaigh dá aitheanta. 57  Thug siad droim láimhe leis mar a rinne a n-aithreacha;ba chosúil iad le bogha ar fiar. 58  Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe;chuir siad éad air lena ndealbha snoite. 59  Chuala Dia agus d’éirigh chun feirge,gur dhiúltaigh go hiomlán d’Iosrael. 60  Thréig sé a phailliún i Sileomar a raibh cónaí air i measc na ndaoine. 61  Thug sé a neart i ndaorbhroidagus a dtaibhse i láimh a naimhde. 62  Thug sé a phobal féin don chlaíomhle teann feirge in aghaidh a oidhreachta. 63  Dódh a n-ógánaigh ina mbeatha;níor chuala a maighdeana laoi na bainise; 64  Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh;agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh. 65  Is ansin a dhúisigh an Tiarnamar dhuine a dhúisíonn as a chodladh,mar ghaiscíoch a bheadh ar meisce de dheasca fíona. 66  Bhuail sé a naimhde i ndiaidh a gcúilagus d’fhág sé faoi náire go deo iad. 67  Dhiúltaigh sé do bhoth Iósaefagus ní dhearna sé rogha de threibh Eafráim. 68  Ach rinne sé rogha de threibh Iúdá;Sliabh Shíón dár thug sé grá. 69  Thóg sé a scrín i gcosúlacht neimhe;mar an talamh a bhunaigh sé go brách. 70  Agus thogh sé Dáiví a ghiolla;á thabhairt ó chróite na gcaorach. 71  Thug sé ó chúram na gcaorach éa dhéanamh aoireacht a phobail, Iacób,agus Iosrael, a oidhreacht féin. 72  Bheathaigh sé le croí gan cháim iad,agus threoraigh iad go ciallmhar críonna.

Fonótaí