Salm 150:1-6

150  Alleluia. Molaigí Dia ina ionad naofa!Molaigí é i bhfirmimint a chumhachta!  Molaigí é as ucht a éachtaí!Molaigí é as ucht a chumhachta ollmhóire!  Molaigí é le séideadh an stoic!Molaigí é leis an gcruit agus leis an gcláirseach!  Molaigí é le teampán is le rince!Molaigí é le téada ceoil is leis an bpíb!  Molaigí é le clagarnach na gciombal!Molaigí é le ciombail chlingíneacha!  An uile dhúil bheo dá bhfuil ann,moladh sé an Tiarna! Alleluia.

Fonótaí