Salm 105:1-45

105  Altaígí don Tiarna, glaoigí ar a ainm;foilsígí a ghníomhartha do na náisiúin.  Bígí ag canadh dó, déanaigí a mholadh;insígí a éachtaí go léir.  Déanaigí mórtas as a ainm óir is naofa é;gairdigí, a lucht iarrtha, an Tiarna.  Breathnaígí an Tiarna agus a chumhacht;lorgaígí a ghnúis de shíor.  Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé;ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil.  A shliocht Abrahám, a lucht fónaimh féin!a chlann Iacóib dá ndearna sé rogha!  Is é an Tiarna féin ár nDiaa bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne.  Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách,ar a ghealltanas go dtí míle glúin,  an conradh a cheangail sé le hAbrahám,an mionn a mhionnaigh sé do Íosác. 10  Dhaingnigh sé ina reacht é do Iacób,ina chonradh d’Iosrael go brách, 11  á rá leis: “Tabharfaidh mé Canán duit,chun bheith mar oidhreacht agat féin.” 12  An uair ba thearc a líon,glac bheag díobh, ina gcoimhthígh sa tír, 13  ag imeacht ó chine go cine dóibh,is iad ag fánaíocht ó ríocht go ríocht. 14  Níor lig sé d’aon neach cos ar bolg a dhéanamh orthu;ach rinne bagairt ar ríthe ar a son. 15  “Ná leomhadh sibh baint le m’ungthaigh;ná déanaigí dochar do m’fháithe.” 16  Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin,agus gur mhill sé an t-arán ar fad orthu, 17  is amhlaidh a bhí fear curtha rompu aige,mar a bhí, Iósaef, a díoladh i ndaorbhroid. 18  Ceanglaíodh a chosa le cuibhreacha;crioslaíodh a mhuineál le hiarann, 19  go dtí gur comhlíonadh a fháistine;is gur dhearbhaigh briathar an Tiarna é. 20  Chuir an rí dá fhios agus d’fhuascail é;rinne taoiseach na gciníocha é a shaoradh. 21  Cheap sé ina thiarna ar a theaghlach é,ina mhaor ar a mhaoin go léir, 22  d’fhonn a mhaithe a mhúineadh mar ba mhian leis,agus saoithe a dhéanamh dá sheanóirí. 23  Tháinig Iosrael isteach san Éigipt dá éis sin;agus bhain Iacób faoi i dtír Hám. 24  Mhéadaigh sé a phobal go mór,go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad. 25  D’athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal,agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh. 26  Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu,agus Árón, an duine a roghnaigh sé. 27  D’oibrigh siad a chomharthaí ina measc,agus a iontais i bhfearann Hám. 28  Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,ach níor thug siad aird ar a bhriathar. 29  Rinne sé fuil dá n-uiscíi dtreo is gur mharaigh sé a n-iasc. 30  Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,fiú amháin i seomraí a ríthe. 31  Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga,agus de mhíolta ar fud na tíre. 32  Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne;agus tine chraosach trína gcríocha go léir. 33  Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí;agus threascair sé crainn uile a gcríocha. 34  Labhair sé agus tháinig na lócaistí,agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh. 35  Shlog siad a raibh de luibheanna sa tír,agus d’ith siad toradh a dtalaimh. 36  Bhuail sé gach céadghin ina bhfearann,céadtoradh a nirt go léir. 37  Sheol sé amach iad le hór is le hairgead,gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna. 38  Bhí áthas ar na hÉigiptigh nuair a d’imigh siadóir bhí uamhan agus eagla orthu rompu. 39  Leath sé néal ina dtimpeall á gclúdach,agus tine a thug solas dóibh san oíche. 40  Chuir sé gearra goirt chucu ar a n-iarratas;agus líon sé le bia ó neamh iad. 41  Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t-uisce ina shlaoda;agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach. 42  Óir ba chuimhin leis a bhriathar naofaa thug sé d’Abrahám, a ghiolla. 43  Agus sheol sé a phobal amach le gairdeas;agus a mhuintir thofa le gártha áthais. 44  Agus thug sé dóibh críocha na gciníocha;agus ghabh siad a raibh saothraithe ag na náisiúin, 45  i dtreo go gcoimeádaidís a reachtanna;agus go gcomhlíonaidís a dhlíthe. Alleluia.

Fonótaí